Dé Domhnaigh, Meán Fómhair 07, 2008

póstaeir NGÓ

Seo thíos roinnt póstaer do Chumainn Ghaelacha na nOllscoileanna, nó d'aon duine eile ar spéis leo an Ghaeilge a dhéanamh níos tarraingtí agus níos feiceálaí ina gceantar féin.

Beidh tuilleadh againn ar ball, póstaeir pholaitiúla do Ghaeil an tuaiscirt atá go fóill i mbun feachtas ar son na Gaeilge san áireamh.

Croch suas iad a chairde!

do theanga
   
beatha teanga
   
abu

Dé Sathairn, Meán Fómhair 06, 2008

ollscoileanna ar ais!

Tá craic agus spleodar na hollscoile ar an mbealach agus Cumainn Ghaelacha na hÉireann ag ullmhú don bhliain amach romhainn.

Beidh
Na Gaeil Óga
ag fógairt cúpla beart go luath agus tá súil againn cúpla imeacht a reáchtáil in éineacht leis na Cumainn Ghaelacha amach anseo.

Agus ná déanaigí dearmad go bhfuil t-léinte go fóill ar díol againn
.