Dé Sathairn, Bealtaine 17, 2008

beocht úr

Fáilte chuig suíomh úrnua
Na Gaeil Óga
.

Le roinnt blianta anuas tá
Gaeil Óga
ar fud na hÉireann ag eagrú imeachtaí, ag tosú feachtas agus ag baint taitnimh as an saol Gaelach. Beidh muid anois ag cur leis an obair sin agus ag fobairt na heagraíochta sa tréimhse amach romhainn.

Mar is eol daoibh go léir, tá fás olllmhór ar Chumainn Ghaelacha na n-institiúidí 3ú leibhéal faoi láthair. Tá beagnach
3,800
mac léinn anois le ballraíocht sna Cumainn ar fud na tíre - seo ardú ó 2,592 in 2006, líon a bhí suas ó 1,755 in 2005.

Tugtar 'Glúin TG4' ar na Gaeil óga seo ach tá sé in am dúinn anois an tionchar seo a úsáid agus dul i bhfeidhm ar shochaí na hÉireann.

Sna míonna amach anseo beidh eolas ar ár suíomh maidir le forbairtí nua
NGÓ
, ina measc an sprioc chun
Na Gaeil Óga
a struchtúrú mar eagras infheicthe, eagraithe agus ionadaíoch ar Chumainn Ghaelacha na gcoláistí 3ú léibhéal.

Coinnígí súil ar an spás seo!

13 comments:

Unknown said...

Maith sibh NGÓ!

Is sibh an t-eagras Gaeilge is éifeachtaí le roinnt blianta anuas agus bheadh sé ar dóigh NGÓ agus na Cumainn Ghaelacha a aontú ar fud na tíre.

Ar aghaidh linn!

Unknown said...

Nach bhfuil sé in am suíomh gréasáin ceart a fháil faoin am seo a chairde. Is maith an rud é blag agus agus leathanach bebo a bheith ann ach is gá suíomh gréasáin cuimsitheach a fháil le seoladh simplí amhail www.nagaeiloga.ie, ar mhaithe le haird an tsaoil mhóir a tharraingt oraibh féin. Go n-éirí libh.

Séamas Poncán said...

Chéad bhlag na nGael Óg, a chara.

Unknown said...

Go raibh maith agat a Shéamais ach is ainm-bhranda í Na Gaeil Óga mar sin ní chuirtear sa ghinideach í.

Aontaím leat a Sheáin, bhfuil spéis agat ceann a chur le chéile dúinn?

mairtin77 said...

Seo ar doígh! Go n-éirí libh! Tá anáil go fóill i seanscamhóga na Gaeilge má tá sí i mbéal daoine óga díograiseacha a bhfuil d’aidhm acu spraoi a choinneáil insa teanga mar aon le cosaint a thabhairt uirthi!

Unknown said...

Tagaim leis an Fheirsteach ar an cheann sin faoin ainm a Shéamais. Cibé ar bith, an bhfuil aon eolas breise ann maidir leis an chruinniú seo sa bhliain úr?

Ross Naroon said...

Maith thú a Sheáin, ba chóir duit an suíomh idirlín a chur le chéile cinnte. Tá mé ag déanamh gur tú is eolaí ar fad ar na cúrsaí seo agus nár rugadh an duine go fóill atá inchurtha leat i dtaobh eolais faoi thógáil suímh.

Tá Máirtín ag léamh barraíocht dá bhfuil scríofa ag Cathal Ó Seacraigh ar fhilíocht Ghearóid Mhic Lochlainn ;)

Ach tá seo ar dóigh ar fad. Maith sibh Na Gaeil Óga! Go n-éirí le Gaeil Óga tríd an domhan ar fad; pé áit a mbíonn siad, go mbí siad óg agus gaelach go deo.

Beannachtaí an tSéasúir libh ar fad!

Unknown said...

Cuirfidh eolas nuashonraithe faoin mór-imeacht san athbhliain ar chéad bhlag eile Na Gaeil Óga.

Más spéis le aon duine cuidiú leis an eagrúcháin, nó má tá smaointí agaibh ó thaobh ionaid, aoí-chainteoirí, siamsaíocht nó eile.
Seol r-phost go dtí nagaeiloga@gmail.com

mairtin77 said...

Tá an ceart agat ansin, a Ross… Ach nach deas an cur síos é? :o)

Scott De Buitléir said...

Leaids, ar chuala sibh faoin Tuiseal Ginideach riamh? 'Blag na nGael Óg' 'tá ceart, ní an teideal 'tá agaibhse.

Unknown said...

Léigh an méid a dúirt An Feirsteach 11 Nollaig 0824. Tá an ceart aige. Tá tusa contráilte.

mairtin77 said...

‘mbeidh sibh uilig ag ceiliúradh ar an bhóthar i mBéal Feirste le linn don mhórshiúl ‘Abair “Tá” don Ghaeilge’? Ba mhór liom ‘bheith ann, ach níl praghas na heitilte agam ar an drochuair. ;o)

GNG said...

Bhál más riachtanach do dhaoine a bheith ag blagáil b'fhearr i bhfad a bhlagáil anseo i measc na nGael Óg ná a bheith ag cur amú ama ag iarraidh oideachas a thabhairt do na Gaill.

Maith sibh na Gaeil Óga, tá súil agam go mbeidh neart rudaí suimiúla anseo! - ábhar spreagaidh agus foghlamtha de dhíth chomh maith.