Dé Céadaoin, Meitheamh 04, 2008

fáilte roimh fhón Gaeilge Samsung

Níos mó ná dhá bhliain tar éis do
Na Gaeil Óga
tús a chur lena bhfeachtas
Gaelú na bhFón Póca
, tá fón póca nua, an
Tocco
, á chur ar an margadh ag
Samsung
a mbeidh ar a chumas an Ghaeilge a láimhseáil.


Ní hamháin go mbeidh clár úsáideora an
Tocco
ar fáil go huile is go hiomlán trí Ghaeilge, ach beidh úsáideoirí in ann teachtaireachtaí SMS a chumadh le cabhair ó fhoclóir Gaeilge an fhóin.
Beidh an
Tocco
ar cheann de na fóin phóca is fearr i réimse
Samsung
nó beidh scáileán tadhallíogair aige, cosúil leis an iPhone.

“Léiríonn toil
Samsung
an
Tocco
a chur ar fáil le cumais Ghaeilge air, go bhfuil éileamh ar theicneolaíochtaí le Gaeilge, agus go bhfuil na hacmhainní ag comhlachtaí teileachumarsáide a dtáirgí a chur in oiriúint do Ghaeilgeoirí” adúirt Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Na Gaeil Óga.

Ó cuireadh tús leis an bhfeachtas i mí Feabhra, 2006, tá roinnt comhlachtaí
teileachumarsáide tar éis gealltanais áirithe a thabhairt mar a gheall ar a dtiomantas don Ghaeilge.
“Tá
leagan Gaeilge
dá suíomh gréasáin seolta ag an soláthraí seirbhíse
agus tá
Vodafone
ag obair ar
sheirbhísí Gaeilge
a sholáthar, ach is é seo an dul chun cinn is mó atá déanta ó thús an fheachtais” a dúirt Ó hAdhmaill.

Tá an Tocco ar fáil sa Phoblacht faoi láthair agus beidh sé i siopaí an tuaiscirt ó mhí Eanáir ar aghaidh.

2 comments:

Unknown said...

Maith sibh - rath faoi dheireadh!

Is iontach go bhfuil sé seo ceangailte le Blogger dála an scéil.

Unknown said...

Is oth liom nach bhfuil sé ar fáil go fóill in oirthuaisceart na tíre. An bhfuil fhios cá huair a bheidh?