Dé Céadaoin, Meitheamh 04, 2008

fáilte roimh fhón Gaeilge Samsung

Níos mó ná dhá bhliain tar éis do
Na Gaeil Óga
tús a chur lena bhfeachtas
Gaelú na bhFón Póca
, tá fón póca nua, an
Tocco
, á chur ar an margadh ag
Samsung
a mbeidh ar a chumas an Ghaeilge a láimhseáil.


Ní hamháin go mbeidh clár úsáideora an
Tocco
ar fáil go huile is go hiomlán trí Ghaeilge, ach beidh úsáideoirí in ann teachtaireachtaí SMS a chumadh le cabhair ó fhoclóir Gaeilge an fhóin.
Beidh an
Tocco
ar cheann de na fóin phóca is fearr i réimse
Samsung
nó beidh scáileán tadhallíogair aige, cosúil leis an iPhone.

“Léiríonn toil
Samsung
an
Tocco
a chur ar fáil le cumais Ghaeilge air, go bhfuil éileamh ar theicneolaíochtaí le Gaeilge, agus go bhfuil na hacmhainní ag comhlachtaí teileachumarsáide a dtáirgí a chur in oiriúint do Ghaeilgeoirí” adúirt Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Na Gaeil Óga.

Ó cuireadh tús leis an bhfeachtas i mí Feabhra, 2006, tá roinnt comhlachtaí
teileachumarsáide tar éis gealltanais áirithe a thabhairt mar a gheall ar a dtiomantas don Ghaeilge.
“Tá
leagan Gaeilge
dá suíomh gréasáin seolta ag an soláthraí seirbhíse
agus tá
Vodafone
ag obair ar
sheirbhísí Gaeilge
a sholáthar, ach is é seo an dul chun cinn is mó atá déanta ó thús an fheachtais” a dúirt Ó hAdhmaill.

Tá an Tocco ar fáil sa Phoblacht faoi láthair agus beidh sé i siopaí an tuaiscirt ó mhí Eanáir ar aghaidh.